• Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

    ‘Ar Scáth a Chéile a Mhairimid’
  • Photo of hurleys in Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin
    Photo of hurleys in Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin
  • Photo of chess table in Photo of hurleys in Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin
    Photo of multi sensory room in Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Fáilte ón bPríomhoide

Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Cuireann sé lúcháir orm fáilte a chur romhaibh chuig suíomh idirlín Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin. Ag an tús, ba scoil bheag í, atá anois tar éis teacht i mbláth mar an láthair oideachasúil ilghnéitheach, fuinniúil, beo, bríomhar atá againn inniu.

Ní neart go cur le chéile agus gan amhras ní bheadh an fás agus an forbairt seo taréis teacht ar an scoil gan dúthracht is díograis iarphríomhoide na scoile, Carmel Nic Airt, baill uile an bhoird bhainistíochta thar na mblianta, faoi stiúr Thraolaigh Uí Dhonnabháin, maraon lenár n-iarscoláirí is tuistí, i gcomhréir le páistí is tuistí na linne seo.

Is iad na páistí céanna seo, croí lár agus cuisle ár scoile. Is é an meas a léíritear ar a chéile an bhunchloch ar a tógtar gach rud eile i saol na scoile seo, sa tslí gur féidir le gach éinne forbairt mar dhaoine is mar shaoránaigh. Déantar ceiliúradh ar dhifríochtaí ach le béim ar chuimsiú chun gur féidir le chuile pháiste barr a gcumais a bhaint amach i dtimpeallacht foghlama mheasúil, spreagúil agus dearfach.

Ar deireadh, buíochas ó chroí le gach duine a bhí bainteach lenár scoil ó 1994, idir bhaill foirne, tuistí agus daltaí. Ár mbuíochas libh as bhur síor thacaíocht, bhur spreagadh, bhur gcomhairle, bhur gcineáltas, bhur ndóchas is misneach, bhur bhfoighne, ach thar aon rud eile, ár mbuíochas libh as seasamh go dlúth is go buan le manna na scoile, “Ar Scáth a Chéile a Mhairimid”.

Le meas,
Pádraig Ó hEachthairn
(Príomhoide)